Celebrating 400 years of the Irish College, Louvain

June 19, 2007 in General, News

Coláiste na nGael, An Lobháin, 1607-2007This year the 400th anniversary of the foundation of St Anthony’s College, the Irish Franciscan College in Louvain, is celebrated. Brian Mac Cuarta was in Louvain for the occasion.

From the Louvain celebration website:

St Anthony’s College, the Irish Franciscan College in Louvain was founded in May 1607 by Florence Conry, Irish Franciscan, theologian and aide to Red Hugh O’Donnell. The College was founded under the patronage of the King of Spain in Louvain (now Leuven) one of the most important university cities in Europe. It became the focus of an energetic cultural and political project that had a significant influence on Ireland’s relations with Europe and on the writing of Irish history and the preservation of Ireland’s rich cultural traditions. It was from St Anthony’s that Mícheál Ó Cléirigh was sent to Ireland to compile the great chronicle of Irish history, the Annals of the Four Masters, that the earliest printing press in the Irish language was established and that the great collections of the lives of Irish saints were produced.


Coláiste na nGael, An Lobháin, 1607-2007Reachtáileadh céilí mór sa Grote Markt i gcroílár chathair ársa Leuven (An Lobháin), i lár na Beilge, cúpla Satharn ó shin. Bhí banna chéili é Éirinn ag gabháil cheoil. Ar an gcaoi bhríomhar seo cuireadh tús le seachtain imeachtaí le comóradh a dhéanamh ar 400 bliain de Choláiste na nGael sa Lobháin.

Sa bhliain roimh Imeacht na nIarlaí bhunaigh Flaithrí Ó Maolchonaire an coláiste. B’as Ros Chomáin do Flaithrí, is bhí clú an léinn dúchasaigh ar a mhuintir le na glúnta. Dála roinnt fir eile ó na teaghlaigh léannta, chuaigh Flaithrí isteach in Ord San Froinsias. Mar sin bhí an léann Gaelach go láidir i measc na mBráthar i dtús an seachtú haois déag. Ní raibh deiseanna oideachais ard-leibhéal ag Caitlicigh in Éirinn an t-am sin, is bhunaigh Flaithrí an coláiste sa Lobháin le sagairt a oiliúint a d’fhreastalódh ar mhuintir na hÉireann. Tógadh Coláiste San Antoin 1616, is tá an foirgneamh ann ó shin. Tá na bráthracha ar siúil le cúpla bliain, ach mar chomharba orthu sa bhliain 1986 bunaíodh Institiúid Leuven um Éire san Eoraip.

Bunaíodh Ollscoil Lobháin i 1425, is tá Coláiste na nGael ar cheann de thart fad dhá scór choláiste scaipthe ar fud na cathrach. Sean-foirgnimh le clós is le gairdín atá sna coláistí; tá srian ar líon na gcarr, rud a thugann ar na micléinn rothair a úsáid.

Bhí an Lobháin i lár an ghoirt maidir le an athnuachan Caitliceach a d’eascair ón Athrú Chreidimh. Ní nach ionadh chuaigh an spreagadh intleachtúil seo i bhfeidhm ar na bráthracha ó Éirinn. Ba sa Lobháin ba thúisce a baineadh úsáid rialta as an chlódóireacht sa Ghaeilge. Chuir Ó Maolchonaire, Giollabhríde Ó hEodhusa is Aodh Mac Aingil leabhair teagasc Chríostaí, ag cosaint na hEaglaise Caitlicí, i gcló i nGaeilge don chead uair. Chleacht siad stil nua simpli próis, le freastal ar ghnáthdhaoine. Taca an ama sin bhí na mílte saighdiúirí Éireannacha, maille le mná is paistí, in airm na Spáinne san Ísiltír. Scríobh na bráthracha na leabhair chráfaidh dóibh siúd is don phobal in Éirinn araon. Bhí dlúth-bhaint idir na saighdiúirí Éireannacha is Coláiste San Anton. Bunaíodh reisimint Éireannach sa bhliain 1605 faoi Anraí Ó Néill, mac le Aodh Ó Néill. Chabhraíodh na bráthracha le na saighdiúirí le litreacha is uachta a scríobh, is thugadh na saighdiúirí airgead don choláiste. Ní nach ionadh ba sa Lobháin a d’fhan na hiarlaí i rith an gheimhridh 1607-8 is iad ar a mbealach chun na Róimhe. Ba sa choláiste a fuair an dream óg sa chomhluadar a d’imigh le na hiarlaí a gcuid oideachais. Ba sa choláiste freisin a chuireadh Rosa Ní Dhochartaigh, bean le Eoghan Rua Ó Néill, laoch mór Chúige Uladh san 1640aí.

Chuir na bráthracha sa Lobháin stró mór orthu féin le stair na hÉireann a chaomhnú, bunaithe ar na lámhscríbhinní a bhí ar fáil ag an am. Sa chathair ollscoile chuireadar aithne ar lucht thíortha eile, iad go léir ag déanamh mórtais den stair ghlórmhar a bhain lena dtíortha dúchais ó thaobh an chreidimh. Mar sin chinn na hÉireannaigh ar ábhar do stair na hÉireann a bhailiú, is a chur in ord. Chuir na Proinsiasaigh duine dá gcuid, Micheál Ó Cléirigh, siar go hÉirinn le lámhscríbhinní a chuardach. Ón chlár oibre seo d’eascair roinnt saothar a chríochnaíodh sna 1630aí: Annála Ríochta Éireann, is an Martyrology of Donegal. Bhí spéis as cuimse ag lucht Lobháin i mbeathaí na naomh, is sna 1640aí d’fhoilsigh John Colgan Acta Sanctorum Hiberniae i measc saothar eile. Tá muid go mór faoi chomaoin ag an baicle beag staraithe seo i measc na mbráthar a shábháil an t-ábhar luachmhar seo a bhí i mbaol a chailithe.

Le an oidhreacht saibhir seo a cheiliúradh, reáchtáil Institiúid Mhichíl Uí Chléirigh, UCD, scoil samhraidh sa Lobháin ón 20u-25ú Bealtaine. B’é Caoimhín Ó Laoide OFM, probhinsial na bProinsiasach in Éirinn, an príomh-chéiliúraí ag aifreann san Grote Begijnhof, eaglais ghotach le colúin chaola arda; bhí idir Gaeilge, Béarla, is Pléimeannais le cloisteáil; chuir an ceol le draíocht na hócáide, mar chan grúpa macléinn ón Scoil Cheoil, DIT (Blea Cliath) cúpla motets ó thús an seachtú haois déag, maraon le an dán Dia do Bheatha a chum Aodh Mac Aingil (c.1570-1626), bráthar ón Dún. I ndiaidh an aifrinn reáchtáil ceoltóirí óga ó Éirinn oíche cheoil traidisiúnta, is chas bean óg ó Chonamara cúpla amhrán.

I rith na seachtaine phlé saineolaithe an cúlra cultúrtha, liteartha is stariúil a bhaineann le Coláiste San Anton. I sraith ocht léacht is fiche, rinneadh scagadh ar stair an choláiste, saothar staire is saothar chráfaidh na mbráthar, na duanairí Gaeilge a bhaineas le an bpobal Éireannach san Ísiltír i ré Imeacht na nIarlaí, is mórán ábhar eile. Mar sméar mullaigh ar an Scoil Samhraidh bhí taispeántas ‘Na Gaeil sa Lobháin 1607-2007’ i Leabharlann na hOllscoile